News

An chéad chorn ag Mionúir Peile na Gaillimhe 2008

November 8, 2018

Tá a gcéad chorn buaite ag foireann mionúir peile na Gaillimhe faoi stiúir fhear Bhaile Liam, Dónal ‘Ducky’ Ó Fatharta. D’éirí le leads na Gaillimhe an ceann is fearr a fháil ar Ros Comáin ar an deireadh seachtaine i gcluiche ceannais sraith mionúir Chonnachta. Tús maith ar bhliain a bheidh crua do fhoireann mionúir na Gaillimhe go háirithe agus iad ag iarraidh a theacht aniar ar éachtaí na bliana anuraidh. Cúis bróid don chumann chomh maith go bhfuil ceathrar de chuid an chumainn, Aodán Ó Curraoin, Micheál Ó Curraoin, Dónal Ó Maolallaigh agus Mánus Breathnach, páirteach sa bpainéal i láthair na huaire.