News

An Spidéal i gCluiche Ceannais an Chontae Sóisear A

November 8, 2018

Tabharfaidh foireann Sóisear A an Spidéil aghaidh ar Áth Cinn i gcluiche ceannais craoibhe sóisear A an Chontae i Staid an Phiarsaigh ag a 2in ar an Domhnach 27 Meán Fómhair 2009. Is é seo an dara bliain as a chéile gur cháiligh leads Bhaile an Droichid do chluiche ceannais an Chontae tar éis dóibh an ceann is fearr a fháil ar Oileáin Árann i gCraobh an Iarthair. I gcluiche a bhí idir dhá cheann na meá go dtí na soicindí déanacha d’éirí leis An Spidéal fir na nOileáin a chloí le pointe amháin 1-10 le 0-12.

 

Tar éis a bheith a babhtáil pointí i rith an chéad leath d’éirí leis An Spidéal cúl a fháil i dtús an dara leath agus lean é sin le pointe a chuir chúig phointe chun cinn iad. Ach tháinig Oileáin Árann ar ais go láidir agus laghdaigh an bhearna go pointe amháin ag tráth go raibh leads An Spidéil ag guimhe go séidfí an fheadóig dhéanach. Briseadh croí a bhí i ndán do na hÁrannaigh ar deiridh agus captaen An Spidéil Aodan Breathnach ag crochadh an chupáin sa seastán.

 
Tá An Spidéal i bhfoisceacht 60 nóiméad don ghrád idirmheánach arís má éiríonn leo an ceann is fearr a fháil ar fhoireann bhríomhar Áth Cinn. Is mór an moladh atá ag dul do na himreoirí ar fad as ucht a gcrógacht agus don Bhainisteoir, Dónal ‘Duckie’ Ó Fátharta agus a fhoireann bainistíochta, Micheál Ó Duinn, Nollaig ‘Nadal’ Ó Neachtain agus Déaglán Ó Tuathaill. Ní féidir dearmad a dhéanamh ach oiread ar an gcúntóir atá acu, Ferdia Mac an Rí, a bhfuil ard mholadh tuilte aige i mbliana.