News

An Spidéal tríd go dtí cluiche leath cheannais áitiúil Chomórtas Peile na Gaeltachta

November 8, 2018

Cháiligh foireann peile An Spidéil do chluiche leath cheannais Sinsir Chomórtas Peile na Gaeltachta na Gaillimhe ar an deireadh seachtaine nuair a d’éirí leo an ceann is fearr a fháil ar Chumann Mhíchíl Breathnach le pointe amháin. Meascán do fhoireann sinsir agus idirmheánach a bhí ag Micheál Breathnach agus is foireann Sóisir A An Spidéil a bhí ina naghaidh. Deirtear gur cúil a bhuann cluichí agus ba iad na cúil a fuair Dónal Ó Flatharta, ceann acu ó chic pionóis, do leads Bhaile an Droichid a chiallaigh go ngeobhadh siad an ceann is fearr ar a gcomharsain. Bhí an lámh in uachtar ag An Spidéal don chuid is mó don chéad leath agus d’éirí leo coinneáil chun tosaigh go deiridh fiú agus gur thug Micheál Breathnach a ndóthain le déanamh dóibh agus iad a tharraingt ar ais go dtí pointe amháin.