News

Baile Liam/Éamonn/Domhnalláin a bhuann Corn Cuimhneacháin Mhaidhcín Ó Curraoin

November 8, 2018

D’fhreastal na sluaite ar an bhféasta peile a bhí ar siúl Lá Fhéile Stiofáin nuair a imríodh an chéad Chorn Cuimhneacháin Mhaidhcín Ó Curraoin. Táthar ag súil gur imeacht bhliantúil a bheidh anseo chuile Lá Stiofáin agus bhain na sluaite a bhailigh ag Páirc an Athar Mhic Suibhne fíor shásamh as imeachtaí an lae. Ba iad Clann agus GarChlann Mhaidhcín Uí Churraoin a bhí i mbun eagraithe agus jab iontach proifisiúnta déanta acu air. Ba iad Baile Liam/Éamonn/Domhnalláin a thug an lá leo sa chluiche ceannais in aghaidh an Choilligh agus Baile an tSléibhe. Bhí fíor choimhlint i bhformhór na gcluiche agus peil bhreá dhá imirt ag na fir agus mná a bhí ag glacadh páirt.

Ba iad Baile an tSagairt/Sidheán a thug an spúnóg adhmaid leo. Ainmníodh Máire Ní Thuathaill mar imreoir ban an Chomórtais agus Eamonnín Ned Breathnach mar imreoir fear an Chomórtais.

Tá moladh mór tuilte ag gach a raibh páirteach in eagrú an chomórtais agus na himreoirí a ghlac páirt ann chomh maith leis na mná a réitigh bia agus deoch do chách. Nár Laga Dia iad.