News

Beirt chaptaen idir Chontae ó CLG An Spidéal

November 8, 2018

Is mór an onóir do CLG An Spidéal go bhfuil beirt de sár pheileadóirí ón gCumann roghnaithe mar chaptaein ar fhoirne éagsúla don Chontae.

Tá Pádraig Ó Maolallaigh ina chaptaen ar fhoireann Sóisear na Gaillimhe a fuair an ceann is fearr ar Mhaigh Eo agus a thabharfaidh aghaidh ar Ros Comáin go gairid.

Tá Éinne Ó hEochaidh roghnaithe le bheith ina Chaptaen ar fhoireann mionúir Peile na Gaillimhe a thabharfaidh aghaidh ar Nua Eabhrac sa gCraobh Mionúir go gairid.

Comhgháirdeachas leo beirt agus lena muintir agus go n-eirí go geal leo sna cluichí atá le theacht.