News

Briseadh croí do fhoireann faoi 21 An Spidéal

November 8, 2018

Briseadh croí a bhí i ndán do pheileadóirí faoi 21 An Spidéil i gcluiche ceannais an chontae an Domhnach seo caite nuair a chinntigh cúl sa nóiméad déanach bua le dhá chúilín do Naomh Greallán Béal Átha na Sluaighe. Sár chluiche a bhí anseo síos tríd agus an dá fhoireann ag babhtáil cúilíní i rith an chéad leath. Bhí cóir na gaoithe ag leads Bhéal Átha na Sluaighe sa gcéad leath sin agus cúilín amháin farasbairr acu ag leath am. Tháinig leads an Spidéil amach go láidir sa dara leath agus thug an taispeántas peile uatha a chiallaigh go rabhadar cúilín chun cinn sna soicindí déanacha don chluiche. Ach mar a rinne leads Bhaile an Droichid le Uachtar Ard i gCluiche Ceannais an Iarthair fuair Béal Átha na Sluaighe cúl leis an gcic déanach don chluiche a chiallaigh gur taobh thoir don Chontae a d’fhanadh an cupán. Tá ard mholadh ag dul don fhoireann cróga seo as An Spidéal as ucht an taispeántas breá a thugadar uatha sa gcomórtas seo i mbliana agus tuar dóchais dóibh go mbeidh siad ar fad seachas duine amháin faoi aois arís don bhliain seo chugainn. Tráthúil go maith tosóidh an comórtas sin as seo go ceann riar seachtainí.

Tá an bhuíochas ag dul do bhainisteoirí na foirne Dónal Ó Fatharta, Micheál Ó Duinn agus Nollaig Ó Neachtain.