News

Briseadh Croí do Mhná an Spidéil

November 8, 2018

Briseadh croí a bhí in ann do fhoireann sóisear ban an Spidéil ar an mBaile Dóite Dé Domhnaigh nuair a tháinig Órán Mór ar ais go mí thrócaireach ag deireadh an chluiche le bua dhá phointe a thabhairt leo. Buille fíor throm a bhí anseo do Mhná an Spidéil tar éis dóibh taispeántas iontach peile a thabhairt uatha a bhí lán de scil, luas agus croí. Go deimhin aithreoidh siad uatha riar seansanna scórála a bhí acu i rith an chluiche nár éirí leo a thógáil. Go deimhin sa chéad leath fhéin bhuaileadar an pósta trí nó cheithre huaire agus an mí ádh glan orthu nach raibh trí nó cheithre chúl faighte acu ag an tráth sin. Fuair siad scóranna breátha sa chéad leath sin óna gCaiptín Úna Ní Mhainnín le tacaíochta óna tosaithe breátha a bhí thimpeall uirthi – Sinéad Ní Fhlatharta, Karen NicDiarmada, Aoife Ní Dhomhnaill, Máire Ní Thuathaill agus Niamh Ní Dhroighneán. Is ina dhiaidh sin a scóráil Sinéad Ní Fhéinneadha cúl gleoite dóibh a bhí tuilte go maith acu ag an tráth sin agus cúl Órán Mhóir faoi léigear acu. Ach bhí Órán Mór, foireann a bhreathnaigh a bheith níos sine agus mór láidir ag coinneáil leo pointe ar phointe. Ní raibh tada idir na foirne ag leath am agus thugadar aghaidh ar a chéile chomh fonnmhar céanna sa dara leath. Bhíodar ag trádáil phointí síos tríd. Cé gur bhreathnaigh sé ag staideanna go raibh máistreacht ag mná an Spidéil ar an gcluiche níor éirigh leo a bhforlámhas a chruthú ar chlár na scór. É sin ráite, d’éirigh leo a dhul trí phointe chun cinn trí phointí iontacha ó Niamh Ní Dhroighneán agus Úna Ni Mhainnín agus cheap an slua breá a bhí i láthair go mbeadh an lá le Mná Bhaile an Droichid. Ach bhí casadh eile sa scéal. Tar éis do chosaint iontach a bheith déanta i rith an chluiche ar fad ag na himreoirí lár páirce Michelle agus Catherine Ní Dhroighneán agus na cosantóirí Siobhán Ní Chéidigh, Máirín Tim, Aisling NicFhlannchadha, Caoimhe Ní Chiardha, Órla Bhreathnach, Bairbre Ní Churraoin agus Sarah Kwateng a tháinig isteach agus an cúlbáire Aoife Ní Neachtain ach go háirithe d’éirí le Órán Mór a theacht ar ais agus cúl as cic éirice agus dhá chúilín ón imirt a aimsiú díreach ar nóiméad na huaire. Níor éirigh leis an Spidéal a theacht ar ais ón mbuile marfach sin sna chúig nóiméad am breise a imríodh ina dhiaidh sin. Cailliúint fíor chrua agus díomách mar sin ach is cinnte gur ar fhoireann an Spidéil a bhí laoch an chluiche. Cé go ndearna Aoife Ní Neachtain sár jab sa gcúl le cúpla sábháil bhreá bhí an slua ar fad d’aon tuairim gur í Niamh Ní Dhroighneán laoch an chluiche le taispeántas dochreidte scile, luais agus fuinnimh.

 

Is cinnte gur féidir leis an bhfoireann seo a bheith fíor bhródúil as an taispeántas a thug siad uatha ar an Domhnach agus go deimhin as na héachtaí atá déanta acu i gcaitheamh na bliana. Is cinnte go mbeidh laethanta maithe eile ag an bhfoireann breá óg seo a bhfuil dul chun cinn iontach déanta acu agus lán carr asail de chupáin agus ‘shield’s’ tugtha leo acu i rith na bliana. Is mór an buíochas atá le tabhairt do bhainisteoirí na foirne Aodán Breathnach agus Dónal Ó Máirtín as ucht a gcuid iarrachtaí agus a gcuid dúthracht leis an bhfoireann. Tá mór bhuíochas freisin ag dul do roghnóirí na foirne Rose Uí Challaráin agus Toni Uí Chiardha chomh maith le urraithe na foirne Aer Arann agus An Cruiscín Lán.