News

Bua bhreá ag leads faoi 21 An Spidéil

November 8, 2018

D’éiri le foireann faoi 21 peile An Spidéil a theacht thrí choimhlinte fíor chrua ina aghaidh Rinn Mhaoile tráthnóna Dé Sathairn chun cáiliú do chluiche leath cheannais faoi 21 b an iarthair. Meas go leor go raibh an seans ag foireann Rinn Mhaoile an craobh seo a thabhairt leo agus chuireadar cuma na maitheasa orthu fhéin ar Pháirc an Athar MhicSuibhne ar an tráthnóna fuar Satharn seo. Ní raibh mórán idir na foirne síos tríd agus iad ag babhtáil pointí le chéile go fíor mhinic. Ní raibh an aimsir in oiriúint don pheil ach d’éirí leis an dá fhoireann taispeántas bhreá a thabhairt agus rinne go leor scórála eatarthu. Thaispeáin leads an Spidéil croí iontach agus cumas bhreá scórála i rith an chluiche chun coinneál céim ar chéim lena gcéillí comhraic. Choinnigh pointí breátha ó Aodán Ó Curraoin, Tomás Ó Flatharta agus corr cheann iontach ó Oisín Breathnach leads an Spidéil chun cinn ar éigin nó go bhfuair Rinn Mhaoile cic éirice a bhá siad i gcúl eangaigh An Spidéil. Ach d’ardaigh An Spidéal a gcuid iarrachtaí sa dara leath agus threoraigh Máirtín Beag Ó Droighneán i dtreo an sprioc go paiteanta iad ó lár páirce. Aon uair a ghabhadh ceachtar foireann cúpla pointe chun cinn thabharfadh an fhoireann eile ar ais iad le scóranna breátha. Is ar chomh scór a chríochnaíodar ag deireadh gnáth am agus caitheadh am breise de deich nóiméad an taobh a imirt. Is sa gcéad leath don am breise a déirí le leads Bhaile an Droichid an cluiche a gcloigne a chuir chun cinn agus a dhul trí phointe chun cinn gan freagra ó Rinn Mhaoile. Agus an tráthnóna ag fáil fíor dhorcha agus riar leads sínte le crampaí de bharr an oiread cluichí atá imeartha acu le dhá mhí anuas d’éirí le cúlaithe an Spidéil a d’imir go maith síos tríd leads Chonamara Thiar a choinneál amach agus bua bhreá a thabhairt leo nach raibh coinne ag a gcéilí comhraic leis. Tabharfaidh siad aghaidh anois ar Éire Óg ins san mbabhta leath cheannais.

Tá comhgáirdeachas le déanamh leis an bhfoireann as an dtaispeántas breá a thug siad uatha chomh maith lena mbainisteoirí Micheál Ó Dúinn, Nollaig Ó Neachtain agus Dónal Ó Flatharta.