News

Buann CLG An Spidéal Comórtas Sóisear Peile na Gaeltachta na Gaillimhe

November 8, 2018

Bhí sár dheireadh seachtaine ag peileadóirí idirmheánach CLG An Spidéal ag Comórtas Peile na Gaeltacht áitiúil an deireadh seachtaine seo caite. Tar éis dóibh an ceann is fearr a fháil ar fhoireann Sóisear na Ceathrún Rua tráthnóna Dé Domhnaigh thug siad aghaidh ar Rinn Mhaoile sa gcluiche ceannais sóisir tráthnóna Dé Luain. I gcluiche a bhí crua agus idir dhá cheann na meá ar feadh scaithimh d’éirí le leads Bhaile an Droichid sraith pointí den scoth a aimsiú i dtús an dara leat a thug forlámhas do fhir An Spidéil agus a bhris croíthe fir Chonamara thuaidh. Is é iar imreoir na Gaillimhe Brian Talty atá i mbun traenála ar Rinn Mhaoile agus cé gur éirí leo Oileáin Árann a chloí tar eis am breise an lá roimhe ní rabhadar in ann ag rabharta scórála An Spidéil i dtús an dara leath.

Tugann An Spidéal aghaidh ar Bhéal an Mhuirthid anois agus ar bhabhtaí ceannais Chomórtas Náisiúnta Chomórtas Peile na Gaeltachta ar dheireadh seachtaine na cincíse. Is trua go bhfuil riar gortaithe ag cuir as don fhoireann roimh an chomórtais agus dá bhrí sin beidh a chuid oibre leagtha amach do Bhainisteoir na Foirne Dónal Ó Fatharta agus a chuid roghnóirí Micheál Ó Duinn, Nollaig ‘Nadal’ Ó Neachtain agus Déaglán ‘Pianoman’ Ó Tuathaill agus iad ag tabhairt faoin gcomórtas náisiúnta.