News

Cailíní an Spidéil ar phainéil idir-Chontae na Gaillimhe

November 8, 2018

Ag leanacht don mhéid leads óga ón Spidéal a bhí ar fhoirne Contae le blianta anuas, táthar a cheapadh agus ag súil go mbeidh Niamh Ní Dhroighneáin ar an chéad bhean ón Spidéal a imreoidh peil idir chontae do Ghaillimh. Ainmníodh í ar phainéal faoi 16 peile an Chontae an tseachtain seo. Thug Niamh taispeántais iontacha uaithi don Spidéal anuraidh agus luas lasrach agus scileanna breátha peile dhá thaispeáint aici ins gach cluiche agus gan í ach cheithre bliana déag d’aois. Lena chois sin tá Michelle Ní Dhroighneáin agus Órla Breathnach páirteach i bpainéil mionúir peile ban na Gaillimhe chomh maith agus an painéal deiridh don fhoireann sin le n-ainmniú go gairid.