News

Carna 1-16 Crois Mhaoil Íona 1-9

November 8, 2018

Ar an nGarraí Mór De Luain an 30ú Eanair 2006 d’eirigh le Scoil Phobail Mhic Dara Carna an ceann b’fhearr a fháil ar Ghairmscoil Chrois Mhaoil Íona leis an scór 1-16 in aghaidh 1-9. Anois casfaidh siad ar Ghairmscoil Mhic Éil, Achail sa chluiche cheannais tar éis dóibhsan Gairmscoil an Chnoic Bhric a bhualadh an t-seachtain seo chaite sa chéad chluiche leath-cheannais. Bhí an cluiche seo ceapaithe a bheith i mBaile an Róba ach mar gheall ar shioc chrua agus an pháirc a bheith reóite d’aistriodh é go dtí an Garraí Mór.

B’iad buachaillí Chrois Mhaoil Íona b’thúisce a shocraigh agus tar éis deich nóiméad bhí 1-3 aimsithe acu ón imirt agus gan scór ar bith ag muintir Iorrais Aithnigh. I rith an ama sin bhí Crois Mhaoil Íona i gceannas mórán ar fud na páirce agus bhí an cosúlacht ann go mbéadh sé ina slad ceart. Mar gheall ar ghortaithe chuaigh SPMD Carna chun páirce gan a bpríomh aimsitheoir Colman Ó Maoilchiaráin. Cheap an fhoireann bhainistíochta nach raibh sé sách achlaithe le haghaidh cluiche iomlán agus mar sin bhí sé beartaithe acu é a chuir isteach tar éis leath ama. Ach nuair a ghortaíodh Daniel Ó Conaire ar an 11ú nóiméad b’éigin dóibh a gcuid pleananna a stróiceadh agus iad a caitheamh sa ‘mbin’. Cuireadh Ó Maoilchiaráin isteach mar lán-tosaidh agus d’aistriodh Seosamh Mac an Iomaire amach mar leath-thosaigh lár. Ní raibh sé i bhfad ar bith go ndeachaidh na h-athraithe i bhfeidhm mar go raibh an dá fhoireann ar chomhscór ag leath ama 1-5 an taobh. D’aimsigh Seosamh Mac an Iomaire 1-1 ón imirt, Colman Ó Maoilchiaráin 0-3(poinnte amháin ó shaor-chic) agus Micheál Seán Ó Máille poinnte amháin. Bhí imreoirí Charna agus a mbainistíocht thar a bheith rímeadach ag leath ama tar éis an chaoí a d’oibrigh siad a mbealach ar ais sa chluiche agus bhí siad dóchasach go mbéadh siad in ann leanacht leis an deá obair san dara leath. Agus b’sin mar a tharla mar cúig nóiméad déag isteach san dara leath bhí Carna chun chinn leis an scór 1-10 in aghaidh 1-8. I rith an tréimhse sin d’aimsigh Stiofán Ó Cuirrín 0-3 le poinnte inspioráideach amháin ó shaor-chic. Freisin, d’aimsigh Colman Ó Maoilchiaráin 0-2 ó shaor-chiceanna agus cé gur aimsigh Crois Mhaoil Íona 0-3 chuir siad amú dhá shaor-chic a bhí beagnach ós chomhar na postaí. Uaidh sin go dtí an deireadh bhí an cluiche an aontaobhach mar gur aimsigh Carna 0-6 le 0-3 ó Cholman Ó Maoilchiaráin(0-1 ó shaor-chic), 0-1 ó Aindriú Mach Donnacha agus 0-2 ó Sheosamh Mac an Iomaire. Ag an am céanna ní bhfuair Crois Mhaoil Íona ach 0-1. Beidh muintir Chrois Mhaoil Íona aiféalach mar gheall ar sheansanna curtha amú; dhá sheans ar chúl le ceann amháin acu sábháilte go h-íontach ag cúl báire Charna Seosamh Ó Cualáin agus bhuail iarracht eile an taobh-eangach.

Is é seo an dara uair do Scoil Phobail Mhic Dara sa chluich cheannais. Bhí siad ann i 2003 ach níor éirigh leo ar an lá mór. Is foireann iad atá ag feabhsú le chuile chluiche. Má leanann siad ar an gcuar-líne seo agus má cheartaíonn siad a gcuid laigeachtaí beidh ann seans acu Craobh Chonnachta a thabhairt leo an uair seo.

An scór deireanach: SPMD Carna 1-16      Crois Mhaoil Íona 1-9

Aimsitheoirí Charna

Colman Ó Maoilchiaráin      0-8(0-4 ó shaor-chiceanna)

Seosamh Mac an Iomaire   1-3

Stiofán Ó Cuirrín                0-3(0-1 ó shaor-chic)

Micheál Seán Ó Máille         0-1

Aindriú Mac Donnacha        0-1

SPMD Carna: Seosamh Ó Cualáin, Seán Seosamh Ó Cuirrín, Micheál Ó Clochartaigh, Bhal Ó Maoilchiaráin, Seán Ó Coirbín, Cillín Ó Coirbín, Daniel Ó Conaire, Seán Ó Cillín, Stiofán Ó Cuirrín, Conchúir Mac Craith, Máirtín Ó Máille, Albert Ó Conaire, Aindriú Mac Donnacha, Seosamh Mac an Iomaire, Micheál Sean Ó Máille.

Fir Ionaid: Colman Ó Maoilchiaráin, Seán Pól Ó Conaola, Murchadha Ó Cualáin, Conchúir Ó Cualáin, Feidhlim Breathnach,  Máirtín Óg Mac Donnacha, Cathal Ó Luideain.

Fir Ionaid úsáidte: 11ú nóiméad, Colman Ó Maoilchiaráin do Daniel Ó Conaire.

                           Leath ama, Murchadha Ó Cualáin do Micheál S. Ó Máille.

Foireann Bhainistíochta: Séamus Ó Coileáin agus Paraic De Búrca.

Cluiche Cheannais Chonnachta na nGairmscoileanna B

Scoil Phobail Mhic Dar Carna v Coláiste Mhic ÉIL, Achail

Dáta:      Dé Satharn an 11ú Feabhra 2006

Am:        2.00 i.n.

Ionad:     Baile an Róba

Réiteóir:  Máirtín Ó Murchú

Am breise má bhíonn gá leis