News

Carna v Crois Mhaoil Íona

November 8, 2018

Casfaidh foireann shinsir SPMD Carna ar Ghairmscoil Chrois Mhaoil Íona sa chluiche leath-cheannais Chonnachta ar an Luain an 30ú Eanair i mBaile an Róba ag 12.30 i.n. Bhuaigh buachaillí Charna Craobh Peile Shinsir na Gaillimhe B na nGairmscoileanna roimh na Nollag 2005. Sa chluiche leath-cheannais bhí bua cuimsitheach acu in aghaidh Ghairmscoil an Chreagáin(Mountbellew) agus sa chluiche cheannais bhí an ceann b’fhearr acu ar Ghairmscoil an Chnoic Bhric(New Inn) leis an scór 3-7 in aghaidh 1-2.

 I 2002 d’eirigh le SPMD dul comh fada le cluiche cheannais Chonnachta ach faraoir theip orthu ar an lá mór. Tá an fhoireann ag traenáil go maith agus tá na h-imreoirí agus an fhoireann bhainistíochta dóchasach go mbeidh siad in ann dul céim níos faide ar aghaidh an uair seo.

Painéal: Seán Ó Cillín, Conor Mac Craith, Micheál Ó Clochartaigh, Cillín Ó Coirbín, Seosamh Ó Cualáin, Stiofán Ó Cuirrín, Feidhlim Breathnach, Seosamh Mac an Iomaire, Colmán Ó Maoilchiaráin, Bhal Ó Maoilchiaráin, Albert Ó Conaire, Máirtín Ó Máille, Conor Ó Cualáin, Seán Ó Coirbín, Seán Pól Ó Conaola, Aindriú Mac Donnacha, Daniel Ó Conaire, Seán Seosamh Ó Cuirrín, Micheál Seán Ó Máille, Murchadha Ó Cualáin, Máirtín Óg Mac Donnacha, Cathal Ó Luideáin, Paraic Mac Donnacha, Donal Ó Loideáin agus Seosamh Breathnach.

Réiteoir: M. Murphy. Am breise má bhíonn gá sé.