News

CLG An Spidéal i gcluiche ceannais Sóisear C an Chontae

November 8, 2018

D’éirí le foireann Sóisear C An Spidéil craobh an iarthair a thabhairt leo ar an Satharn seo caite i gcluiche sách trodach in aghaidh Bhóthar na Trá/Cnoc na Cathrach. Ba athimirt a bhí sa gcluiche seo agus cé nach raibh ann ach trí chúilín ar deireadh bhí smacht réasúnta ag imreoirí An Spidéil ar chúrsaí i rith an chluiche. Ní raibh de rogha ag an réiteoir ach beirt d’imreoirí Bhóthar na Trá a chuir don pháirc nuair a bhuail frustrachas leads na Cathrach. Tiocfaidh an fhoireann seo ar aghaidh anois go dtí cluiche ceannais craoibhe an chontae in aghaidh Bhaile Chláir. Tá buíochas ag dul do lucht bainistíochta na foirne, Tom Deacy, Aodan Breathnach, Maidhc Phad Ó Cualáin, Alo Ó Conghaile.