News

Cluiche Cheannais Chonnachta na nGairmscoileanna B. Scoil Phobail Mhic Dara Carna v Coláiste Mhic Éil Achail

November 8, 2018

Seasann Scoil Phobail Mhic Dara Carna ar thairseach na staire agus iad ag fáil réidh le dul i ngleic le Coláiste Mhic Éil Achail amárach De Satharn an 11ú Feabhra i mBaile an Róba ag 2.00 i.n. Gan amhreas is é seo am na cinniúna do bhuachaillí Iorrais Aithnigh mar nach dtagann seansanna mar seo ró-mhinic agus cé go raibh siad sa chluiche cheannais cheanna i 2002 lig siad uathu an seans sin. Ach an uair seo tá dóchas ann go bhfuil siad in ann dul céim eile. Ní amháin go bhfuil siad ag imirt don Chraobh Chonnachta ach freisin tá a n-áit do na buaiteoirí i gchluiche leathcheannais na hEireann freisin ar an Satharn an 25ú Feabhra in aghaidh foireann as Chiarraí.

Sa chluiche leathcheannais fuair Carna an ceann b’fhearr ar Chrois Mhaoil Íona leis an scór 1-16 in aghaidh 1-9. Ag an am céanna rinne Achail cinnte faoí a n-áit sa chluiche cheannais le bua ar Ghairmscoil Chilléan Naofa, An Cnoc Breac leis an scór 2-9 in aghaidh 1-2. Ó d’imir SPMD Carna sa chluiche leathcheannais ar an 30ú Eanair bhí trí sheisiún traenála acu-ceann ar thrá Chaladh bhFinnse agus na cinn eile ar pháirc Charna. Tá an bhainistíocht an sásta leis an spiorad sa champa agus tá siad féin agus na h-imreoirí muiníneach go n-eireoidh leo an uair seo. Cé go bhfuil an chuid is mó de na h-imreoirí achlaí agus in ord catha tá imní faoí roinnt acu maidir le gortaithe agus tinneas ach tá an dóchas ann go mbeidh painéal iomlán ar fáil chun dul chun páirce ag 2.00 i.n. ar an Satharn.

Painéal SPMD Carna

Seosamh Ó Cualáin; cúlbáire, Dubhithir.

Seán Seosamh Ó Cuirrín; cosantóir, An Áird Mhóir.

Micheál Ó Clochartaigh; cosantóir, Muighinis.

Bhal Ó Maoilchiaráin; cosantóir, Muighinis.

Conchúir Mac Craith; cosantóir, Glinnsge.

Cillín Ó Coirbín; cosantóir, Dubhithir.

Seán Ó Coirbín; cosantóir, Dubhithir.

Seán Ó Cillín; lár páirce, Dubhithir.

Stiofán Ó Cuirrín; lár páirce, An Áird Mhóir.

Máirtín Ó Máille; tosaigh, Doire Iorrais.

Seosamh Mac an Iomaire; tosaigh, Coill Sáile.

Feidhlim Breathnach; tosaigh, An Áird Thiar.

Daniel Ó Conaire; tosaigh, An Gleann Mór.

Albert Ó Conaire; tosaigh, Muighros.

Seán Pól Ó Conaola; tosaigh, Bothar an Chlochair.

Aindriú Mac Donnacha; tosaigh, An Áird Mhóir.

Colman Ó Maoilchiaráin; tosaigh, Bantrach Árd.

Micheál Seán Ó Máille; cosantóir, Doire Bhó Riada.

Murchadha Ó Cualáin; tosaigh, Carna.

Conchúir Ó Cualáin; cosantóir, Támhna Bhán.

Máirtín Óg Mac Donnacha; cosantóir, An Áird Mhóir.

Cathal Ó Luideáin; cosantóir, Coillín.

Bainisteoir: Séamus Ó Coileáin

Roghnóirí: Paraic De Búrca agus Antoine Ó Loinsigh.

* Comhghairdeachas do na h-imreoirí seo a leanas atá roghnaithe ar phainéal Ghairmscoileanna na Gaillimhe 2006: Seán Ó Cillín, Micheál Ó Clochartaigh, Stiofán Ó Cuirrín agus Colman Ó Maoilchiaráin. Freisin tá Colman Ó Maoilchiaráin ag traenáil le Mionúir na Gaillimhe.

Cluiche Cheannais Chonnachta na nGairmscoileanna B

Scoil Phobail Mhic Dara Carna v Coláist Mhic Éil Achail

Dáta: 11ú Feabhra 2006

Ionad: Baile an Róba

Am: 2.00 i.n.

Réiteoir: Máirtín Ó Murchú

Am breise má bhíonn gá leis