News

Cluithe Sinsir na seachtaine

November 8, 2018

Don dara cluiche as a chéile chaill peilidóirí sinsir na Breathnaigh le aon chúilín amhain.Bhí an bháisteach ag titim go trom ó thús go deireadh na himeartha agus bhí sé beagnach dorcha nuair a shéid an réiteoir an fheadóg dheirneach.

Bhí tús iontach ag na Breathnaigh agus pointe cláraithe ag Seosamh ó Conaire ón imirt tar éis leath noimead,tar éis pass a fháil ó Sheán Denvir.Bhí na foirne gob ar ghob ar feadh tréimhse le scóranna ón imirt ag Shane ó Conghaile agus Peadar ó Cionnaith idir dhá shaor chic ag lán-tosach an fhoireann baile, a dfhág na fóirne ar chomh scór trí phointe an taobh agus ceathrú uaire imithe. Chuir Seosamh ó Conaire na Breathnaigh chun cinn arís tar éis do iar imreoir na Gaillimhe John Divilly bloc a dhenamh ar a chéad iarracht ,sheol ó Conaire an liathroid idir na postaí ar an dar iarrach,lena chiotóg. Ach ar feadh an chéad chúig noimead eile bhí an lámh in uachtar ag Cillchiaran  agus daimsigh siad 1.2 I bpreab na súil,Daimsigh Peadar ó Cionnaith dhá chúilín, ceann ón imirt agus ceann ó chic saor roimh an bhriseadh chun na Breathnaigha fhágail chun deireadh 0.6 – 1.5

Daimsigh imreoir lár páirce na mBreathnaigh Éanna  ó Conghaile pointe ón imirt tar is chúig noimead don dara leath,Bhí na Breathnaigh anois i gceannais I lár na páirce agus nuar a chuaigh Dónal ó Cuarraoín ar ruthar aonair síos tríd croí-lár cosanta Chillchiaran thug sé pass lámha gleoite do Peadar ó Cionnaith,Bhuail ó Cionnaith urchar i treo an chúil ach dárdaigh an liathroid órlach os cionn an maide trasnán agus bhí na foirne ar chomh scór. Ach níor éirigh le na Breathnaigh aon scór eile a aimsiú as sin go deireadh.

Deirigh le cillchiaran cúilín an bhua a fháil ó chic saor agus sé noimead fagtha ar an clog.Bhí seansanna as sin go deireadh  ag na Breathnaigh ach níor éirigh leo cúilín an chómh-scór a fháil agus ba iad an fhoireann baile a thug leo an dá phointe sraithe agus an oíche ag titim i dtuaisceart na Gaillimhe