News

Comartás Peile na Gaeltachta

November 8, 2018

Comhghairdeas le foireann Sóisir A – Micheál Breathnach a bhuaigh an Comórtas Peile i mbliana. Bhí an Comórtas Peile ar siúl ar An Spidéal i mbliana agus thosaigh Na Breathnaigh amach le bua sár-mhaith ar foireann An Spidéal. Ba iad Béal Átha an Ghaorthaigh a d’imir Na Breathnaigh sa chluiche ceathrú ceannais. Ba cluiche crua a bhí ag na leaids ach choinnigh siad an cloigeann agus rinne siad an bheart.

Thug siad a n-aghaidh ar foireann na Rinne sa chluiche leath-cheannais agus arís bhí cluiche thar a bheith crua acu ach d’éirigh leo. Ar an Luan ag 2i.n. a bhí an cluiche ceannais ar siúl. Bhí an lá an té go deo agus bhí Na Breathnaigh ag tabhairt a n-aghaidh ar foireann an-láidir ó Dún na nGall; Gaeil Fhanada.

Ba iad Na Breathnaigh a fuair an chéad scór sa chluiche. Liathróid iontach ó Dáithí Ó Fátharta isteach i dtreo na cearnóige bige, áit a raibh Tomás Ó Ráighne ag fanacht chun cúl den scoth a aimsiú. Ina dhiaidh sin, bhí na Gaeil ag fáil an ceann is fearr i lár na páirce ach ansin rinne Na Breathnaigh an athrú a d’athraigh an chluiche. Cuireadh Pádraig Ó Márta isteach ar an líne lán tosach agus amach lé Tadhg Mór Ó Curraoin. Rinne Ó Curraoin smacht a chur ar imreoirí Gaeil Fhanada i lár na páirce agus bhí Na Breathnaigh in ann an liathróid a úsáid i bhfad níos éifeachtaí.

Ar an lá ba é Máirtín Ó Maoileoin a fuair laoch na himeartha d’fhoireann Micheál Breathnach agus bá é Éanna Ó Conghaile a fuair imreoir na deireadh seachtaine do na Breathnaigh. D’imir an fhoireann thar cinn agus chur gach éinne a bhí páirteach an-iarracht isteach thar an deireadh seachtaine. Seo thíos liosta do na himreoirí agus an painéal a bhí páirteach sa deireadh seachtaine stairiúil seo.

1. Caoimhín Mac an tSaoir
2. Frainc Denvir
3. Gearóid Ó Fátharta
4. Máirtín Ó Maoileoin
5. Dónal Ó hÉalaí
6. Seamus Ó Maoileoin
7. Declan Ó Tuairisg
8. Dáithí Ó Fátharta
9. Pádraig Ó Márta
10. Tomás Ó Ráighne
11. Éanna Ó Conghaile
12. Jimí Ó Conghaile
13. Mike Neachtain (Captaen)
14. Tadhg Ó Curraoin
15. Pádraig Ó Gríofa

16. Antaine Ó Loinsigh
17. Rónán Ó Coistealbha
18. Josie Ó Gríofa
19. Cóilín Ó Flátharta
20. Ciarán Ó Ráighne
21. Cárthach Bán Breathnach
22. Tomás Ó Neachtain
23. Pádraig Óg Ó Conaire
24. Ciarán Seoige
25. Damien Mac Diarmada
26. Cathal Ó Conaire
27. Mártan Mac Donnacha
28. Seán Denvir
29. Páid Ó Sé