News

Corn Cuimhneacháin Mháirtín Antaine Uí Chatháin

November 8, 2018

Tá Cumann Lúthchleas Gael, An Cheathrú Rua chun comórtas Peile seachtar an taobh a reáchtáil do Chumainn Pheile in Iarthar na Gaillimhe. Beidh an comórtas seo ar siúl Dé Sathairn, 24 Eanáir, ar an bpáirc nua traenála atá tógtha le taobh Pháirc an Chathánaigh. Bronnfar Corn Cuimhneacháin Mháirtín Antaine Uí Chatháin ar bhuaiteoirí an Chomórtais. Tá sé i gceist ag Cumann Lúthchleas Gael, An Cheathrú Rua an comórtas seo a reáchtáil go bliantúil as seo amach.

Grúpa 1
An Cheathrú Rua A, Leitir Móir B, Carna, An Spidéal

Grúpa 2
An Cheathrú Rua B, Leitir Móir A, Na Breathnaigh, Inis Treabhair

Ag 11.00
(G1)An Cheathrú Rua A V Leitir Móir B
(G2) An Cheathrú Rua B V Leitir Móir A

Ag 11.30
(G1) Carna V An Spidéal
(G2) Na Breathnaigh V Inis Treabhair.