News

Craobh Faoi 21 B Peile an Chontae ar siúl Dé Domhnaigh

November 8, 2018

Níl mórán scíth i ndán do pheileadóirí óga An Spidéil agus iad ag tabhairt aghaidh ar Bhéal Átha na Sluaighe i gcluiche ceannais b faoi 21 an Chontae ar an Domhnach beag seo. Is i Mionlach ag a 2 a chlog Dé Domhnaigh a thosóidh an cluiche agus táthar ag tuar go mbeidh fíor choimhlint ann idir an dá fhoireann. Fuair fir óga Bhaile an Droichid an ceann is fearr ar Uachtar Ard le pointe amháin i gcluiche ceannais an Iarthair agus d’éirí le Béal Átha na Sluaighe foireann maith as Baile an Mhuilinn a chniogadh le pointe amháin taobh thoir.