News

Craobh Faoi 21 B Peile an Iarthair buaite ag CLG An Spidéal

November 8, 2018

D’éirigh le foireann faoi 21 peile An Spidéil craobh B an Iarthair a thabhairt leo le farasbarr cúilín amháin Dé Sathairn seo caite i gcoimhlint ghéar le Uachtar Ard. D’fhág leads An Spidéil an déanach é cúl na bua a aimsiú rud a rinneadar sna soicindí deireadh don chluiche. Bhí an láimh an uachtar ag Uachtar Ard ar chlár na scór i rith an chluiche agus bhí tar éis a dhul suas le naoi gcúilín chun cinn sa gcéad leath le stolladh maith gaoithe taobh thiar dóibh. Ní raibh scór ar bith aimsithe ag peileadóirí Bhaile an Droichid ag an tráth seo ach thosaíodar ag beochan i dtreo deireadh an chéad leath. Go deimhin ní raibh aon ghanntanas croí ná creideamh ar leads An Spidéil agus choinníodar ag coimhlint go dtí an deireadh ar lá a bhí fuar agus feannta do Chluiche peile.  Tabharfaidh An Spidéal aghaidh ar Bhéal Átha na Sluaighe i gcluiche ceannais an Chontae.

Tá ard bhuíochas agus moladh ag dul do fhoireann bainistíochta na foirne Dónal ‘Ducky’ Ó Fátharta, Micheál Ó Duinn agus Nollaigín Ó Neachtain