News

Cupán eile buaite ag Mná An Spidéil!!

November 8, 2018

Thug foireann peile sóisear ban CLG An Spidéal a tríú cupán don bhliain leo inné le bua iontach ar Chill Ainín le 3-12 in aghaidh 2-02. Ba é Craobh Sóisear Peile an Iarthair a thug siad leo tráthnóna inné le cur leis an gcupán agus sciath a bhuaigh siad in aghaidh Leitir Móir agus Ros Muc níos luaithe i mbliana.

Is mór an dul chun cinn atá déanta ag an bhfoireann cróga seo le cúpla bliain anuas agus tairbhe a gcuid oibre le brath i gceantar an Spidéil. Comhgháirdeachas leis an bhfoireann agus a gcaptaen Úna Ní Mhainnín agus le bainisteoirí na foirne Aodán Breathnach agus Dónal (Dan) Ó Máirtín. Le cúnamh Dé ní shé seo deireadh na deá scéala don fhoireann seo ó tharla go bhfuil cluiche ceannais contae eile rompu chomh maith le cluiche ceathrú ceannais na craoibhe chomh maith.