News

‘Ducky’ ina bhainisteoir ar Mhionúir na Gaillimhe

November 8, 2018

Is mór an onóir agus cúis bróid do CLG An Spidéal go bhfuil Dónal ‘Ducky’ Ó Fatharta ó Bhaile Liam sa Spidéal ceaptha mar bhainisteoir ar fhoireann mionúir peile an Chontae don bhliain seo romhainn. Ar ndóigh ní rud nua é do Ducky a bheith ag plé le foirne Contae ó tharla gur imir sé don Chontae ag mórán chuile ghrád agus go bhfuil ina bhainisteoir ar fhoirne Coláistí Gairmoideachais na Gaillimhe le blianta beaga anuas. Bhí sé mar roghnóir ar fhoireann mionúir an Chontae le trí bliana anuas agus bhí páirteach sa mbua iontach a bhí ag an bhfoireann sin i gcluiche ceannais na hÉireann an fómhar seo caite.

Tá blianta fada caite ag Dónal ag imirt don Spidéal agus é mar pháirt lárnach do na foirne rathúla ar fad a bhí ag an gCumann le blianta beaga anuas. Fear níos fearr le scór a thógáil is deacair a fháil agus is cinnte gur bainisteoir cumasach é a bhfuil go leor oibre déanta aige le foirne idirmheánach, faoi 21 agus mionúir an chumainn le blianta beaga anuas.

Ba mhaith le CLG An Spidéal comhgháirdeachas a dhéanamh le Dónal agus guíonn chuile rath air ina ról nua agus go dtabharfaidh sé a thuilleadh onóir ar ais go Contae na Gaillimhe agus go dtí an Spidéal chomh maith.