News

Easpag sa Spidéal!

November 8, 2018

Bhí scéala ag pobal an Spidéil le gairid a chruthaigh áthas agus brón ag an am céanna nuair a fógraíodh go raibh an Athair Breandán Ó Ceallaigh ceaptha mar Easpag ar Dheoise Ochonry. Tháinig an scéala aniar aduaidh ar fhormhór an phobail agus an Ath. Ó Ceallaigh chun tabhairt faoina chúramaí nua go luath an bhliain seo chugainn. Tá an Ath. Ó Ceallaigh mar shagart paróiste sa Spidéal le cheithre bliana anuas agus is mór an chaillteanas don phobal é a bheith ag imeacht. Bhí sé tofa mar Leas Uachtarán ar CLG An Spidéal i rith a thréimhse i mBaile an Droichid. Gúimid chuile rath air ina ról nua.