News

Foireann Faoi 21 Peile An Spidéil i gcluiche ceannais B an Iarthair

November 8, 2018

Cháiligh foireann faoi 21 peile CLG An Spidéal do chluiche ceannais an Iarthar ar an Domhnach le bua bhreá ar Éire Óg ar pháirc Thír Oileáin. Bhí máistreacht ag leads An Spidéil ar an imirt an chuid is mó den am agus déirí leo an lá a thabhairt leo ar scór de 3-10 le 0-07. Is iomaí cluiche atá imeartha ag na leads seo le cúpla mí anuas agus níl aon bhriseadh i ndán dóibh go fóill de bharr go gceaptar go nimreofar an Cluiche ceannais in aghaidh Uachtar Ard ar an Satharn beag seo. Tá ard mholadh ag dul don fhoireann agus dá bhfoireann bainistíochta Micheál Ó Duinn, Nollaigín Ó Neachtain agus Dónal ‘Ducky’ Ó Fatharta.