News

Foireann Mionúir Iománaíochta An Spidéil cáilithe do Chluiche Ceannais an Chontae

November 8, 2018

Tá foireann mionúir iománaíochta CLG An Spidéal cáilithe do chluiche ceannais mionúir C an chontae tar éis a mbua ar fhoireann Chill Chon Iarainn ar scór 1 – 11 le 0 – 06 ar an deireadh seachtaine. Tabharfaidh iománaithe óga An Spidéil a n-aghaidh ar Eanach Dhúin (Annaghdown) sa gcluiche ceannais.

Go deimhin is iad seo formhór an fhoireann céanna atá cáilithe do chluiche ceannais peile mionúir b an chontae in aghaidh Áth Cinn faoi cheann seachtain nó dhó.

Comhgháirdeachas leis an himreoirí agus lena mbainisteoir Ciarán Breathnach agus go n-eirí go geal leo sa dá chluiche ceannais.