News

Iománaithe Faoi 21 An Spidéal i gCluiche Ceannais an Chontae

November 8, 2018

Bhí a gcroí ina mbéal ag lucht tacaíochta An Spidéil Dé Luain seo caite agus iad ag tacú le foireann faoi 21 Iománaíocht an chumainn atá cáilithe do Chluiche Ceannais Craobh C Faoi 21 an Chontae. Ba iad Béal Átha an Ghártha a bhí ag fanacht leo i bpáirc an Chairn Mhóir agus is ar éigin Dé a d’éirigh le leads an Spidéil an ceann is fearr a fháil orthu. Bhí báireoir Bhaile an Droichid suas le dhá chúilín déag chun cinn ag staid amháin agus iad ar a gcomhairle fhéin ach thosaigh leads an tuaiscirt ag teacht ar ais de réir a chéile. Agus an tam caite ag deireadh an chluiche bhí trí phointe idir na foirne nuair a bhronn an réiteoir poc saor 21 méadar ar Bhéal Átha an Ghártha cé nach fios fós cén fáth. Bádh san eangach í agus thug na foirne faoi am breise chun an choimhlint a réiteach. Ach tá croí agus creidimh láidir sa bhfoireann óg seo agus choinnigh an cloigeann chun bua iontach de 2 – 16 le 5 – 05 a bhaint.

 

Ard mholadh ag dul don fhoireann óg seo a bhfuil sé deacair acu amanna traenála ceart a fháil de bharr an oiread cluichí a bhí rompu le píosa anuas. Ard mholadh freisin ag dul dá mbainisteoir Ciarán Breathnach. Go néirí go geal leo sa gcluiche ceannais.