News

Lá na gClub, Dé Domhnaigh, 9 Bealtaine 2010

November 8, 2018

Beidh lá mór spóirt agus spraoi ar Pháirc an Athar MhicSuibhne d’óg agus aosta an Domhnach beag seo nuair a dhéanamh ceiliúradh ar Lá na gClub arís. Tá go leor leor imeachtaí beartaithe ag CLG An Spidéal don aos óg agus dóibh siúd nach bhfuil chomh hóg níos mó!!

 

Beidh leagan amach na n-imeachtaí mar seo leanas

 

11.00 am               Aifreann Speisialta, Cill Éinde, An Spidéal

(Bíodh dathanna an chumainn dhá chaitheamh agat!)

 

1.45 go 5.00 in     Cluichí, Spraoi & Spóirt do Ghasúir & Daoine Fásta

                                (Gasúir Faoi 6, 8, 10, 12, 14, 16 & níos sine!)

 

Beidh  Cluichí Gaelacha, Poc, Cic, Léim Fhada, Tug of War! Caitheadh Buataise, Caisleán Preabaigh (Bouncy Castle), Sleamhnán (Giant Slide), Balla Dreapadóireachta, Comórtas Ealaíne, Péinteáil Éadain agus go leor eile ar siúl.

Tabhair leat mamaí, deaide, mamó & daideo, do chairde agus na comharsain!!

Lá atá ann do phobal An Spidéil ar fad.

 

Bí páirteach i do Chlub áitiúil.

 

Freastalaíonn CLG An Spidéal ar Bhuachaillí, Cailíní, Fir agus Mná

ó Dhoire Locháin go dtí An Púirín.

 

Tá Fáilte roimh chách –

gasúir agus tuismitheoirí nua ach go háirithe.