News

Micheal Breathnach 2.16 AnachCuan 1.9

November 8, 2018

Ta ocht mi caite ó dimir iomanaithe faoi 21 na Breathnaigh a cluiche craobha deirnach,agus ce go raibh seachtar de fhoireann Anachcuain ag imirt i cluiche leathcheannais an chondae Idirmheanach cupla seachtain ó shin nior chur sé seo stop le lads na mbreathnaigh sár bhua a fhail ar pháirc throm an Chairn mhór dé domhnaigh seo caite.

Bhí tús maith ag lads s`againne le puc saor ó Leon Mac Lochlainn,puc 65 ó Antaine ó Finneadha agus cuilín gleoite ón taobh líne ag Naoise ó Lionaird, Bhi Anach Cuain iad fhein ag scórail pointí deasa Adrian Murphy le dha phuc saor alainn .Fuar Leon agus Antaine puc saor in duine chomh maith le pointi on imirt ag Adrian ó Tuathail,Sean Denvir agus Oisín ó Ceallaigh.Ag drideam le leath ham bhí lads Chonamara chun cinn ar éigean 0.8- 0.6,Ach i preab na siúl fuar Sean Denvir cúl tar heis pass lamha a fhail ó Oisin ó Ceallaigh. agus puc saor eile ó Leon,chun an scór ag leath am a fhagail 1.9 – 0.6

Ach ma chriochnaigh na Breathnaigh an chéad leath go maith, thosaigh AnachCuan an dara leath chomh maith cianadh le cúl agus cuilin taobh istigh de dhá noimead. Ach níor thit cloigeann lads Chois Fharraige agus o sin amach bhí siad ceannasach i ngach reimse den bpairc.Dfhreagair Leon le puc saor agus cuilín eile ón imirt ag Oisín ó Ceallaigh bhí na breathnaigh anois chun cinn 1.11- 1.8

Le ceathru uaire fagtha sa gcluiche tarheis imirt mhaith ó Sean Denvir agus Seamus ó Fatharta chur Cárthach Bán Breathnach an sliotar iseal i gcúl AnachCuan agus o shin i leith níor raibh aon fhreagra ag Anachcuan.

Fuar Leon dhá scór on imirt agus dha phuc saor as sin go deireadh chomh maith le pointe eile on imirt ag imreoir lár pairce Adrian ó Tuathail.Dfhag sé sin an scór 2.16 – 1.8 agus in am breise fuar anach Cuan pointe eile tarheis a cuid iarachtai ar chuil a bheith sáraithe ag sár bhlócáil cúlaithe Mhicheal Breathnach

Mar sin Sár bhua do fhoireann óg na mBreathnaigh agus iad imithe céim eile chun cinn i gcraobh faoi 21 an chondae

Micheal Breathnach:Diarmuid O Ceallaigh,Reamonn ó Maoildhia,Antaine ó Finneadha(0.2 65),Diarmaid ó Finneadha,Colm ó Cuiv,Leon Mac Lochlainn(0.8 6F)Sean ó Finneadha,Adrian Ó Tuathail (0.2)Cian Ó Griallais,Seamus ó Fatharta,Oisín ó Ceallaigh(0.2)Cian MacGiolla Bhríde,Naoise ó Lionáird(0.1) Sean Denvir (1.1) Cárthach Ban Breathnach (0.1)