News

Mionúir An Spidéil buacach arís

November 8, 2018

Tá rabharta peile imeartha agus fós le n-imirt ag foireann peile mionúir An Spidéil agus ag éirí go maith leo dáréir. D’éirí leo an ceann is fearr a fháil ar fhoireann cróga Oileáin Árainn i sraith mionúir B an Iarthair inné le dhá phointe. Ciallaíonn sé seo go bhfuil craobh agus sraith peile mionúir ‘B’ an Iarthair tugtha leo ag an bhfoireann seo agus tá cluiche ceannais craoibhe an chontae rompu faoi cheann coicíse chomh maith le cluiche ceannais iománaíochta an chontae idir an dá linn freisin. Comhgháirdeachas leis an bhfoireann agus lena bhfoireann bainistíochta Micheál Ó Duinn, Nollaig Ó Neachtain, Déaglán Ó Tuathaill agus Dónal ‘Ducky’ Ó Fatharta.