News

Monroes Tavern Gaillimh – urraithe nua iománaithe An Spidéil

November 8, 2018

Is é Monroes Tavern Gaillimh a bheidh mar phríomh urraithe at fhoireann iománaíochta sóisear An Spidéil ar feadh tréimhse dhá bhliain tar éis an tarraingt a déanadh ar an Satharn seo caite. Ba é an tAth. MacAoidh a rinne an tarraingt as suas le seasca comhlacht, eagraíocht agus duine aonair a bhí istigh ar an tarraingt agus suim acu a bheith mar urraithe ar fhoirne iománaíochta an Chumainn. Cúis áthais mar sin do Fhergus McGinn atá ina bhainisteoir ar Monroes Tavern go bhfuil an deis acu a bheith mar phríomh urraithe ar fhoirne iomána An Spidéil ar feadh tréimhse dhá bhliain.

Tá fíor bhuíochas ag dul do Chiarán Breathnach a d’eagraigh an comórtas agus do na díoltóirí ar fad a d’oibrigh go dian dícheallach. Níos mó ná sin tá fíor bhuíochas ag dul do na hurraithe ar fad a thacaigh leis an gcomórtas agus a thugann an tacaíocht don chumann i gcónaí.