News

Nuacht

November 8, 2018

Míle buíochas le chuile dhuine a thacaigh le maidin snámha an chumainn a bhí ar siúl ar an 1ú Eanair ar mhaithe le Cancer Care West go speisialta iad siúd a chuaigh ag snámh agus na daoine ar fad a thug síntiúis thar a bheith flaithiúil. Bailíodh €4,400 sa bhfeachtas do “Cancer Care West”.

Bhí an ghrian ag scalladh maidin “Shiúlóid Thomas Nelly” agus tháinig na céadta amach arís don tsiúlóid a bhí ar siúl ar an Domhnach 4ú Feabhra. Bailíodh €1200 ar an lá do “Chairde Áras Mhic Dara”. Go leor oibre déanta ar an lá ag na maoir ar fad, iad siúd a bhí ag réiteach sóláistí i S.C.C agus aon duine eile a chabhraigh ar an lá.

Cúrsaí Ballraíochta

Tá an séasúr faoi lán tseoil ag roinnt mhaith fóirne cheana fhéin i mbliana bail ó Dhia orthu agus fóirne eile ag tosnú go luath de réir a chéile. Beidh na fóirne faoi 6, 8 agus 10 ag tosnú ar ais timpeall aimsir na Cásca le cúnamh Dé. Is féidir súil a choinneáil amach ar chúrsaí agus amanna traenála an chumainn ar an leathanach Facebook atá ag an gcumann. Tá ballraíocht le n – íoc ag chuile bhall ó faoi 8 suas. Tá an ballraíocht le n-íoc ar fad ar líne i mbliana ag www.locallotto.ie/ancheathrurua  Rataí na bliana ná:

Ballraíocht Imreoír Fásta 18+ (Fir & Mná) – €100
Mac Léinn (tríú leibhéal) – €70
Ballraíocht Gasúr(úir) (Faoi 18) –  €50
Ballraíocht Clainne NACH imreoir na Tuismitheoirí – €120
Ballraíocht Clainne GUR imreoir Tuismitheoir Amháin – €160 
Ballraíocht Sóisialta – €40

Lottó C.L.G An Cheathrú Rua

Is é an lottó priomh fhoinse ioncaim an chumainn agus teastaíonn tacaíocht uaidh ar chuile bhealach.  Tá díolachán laghdaithe le roinnt blianta anuas agus muna bhfeabhsaíonn sé ní bheidh an cumann in ann feidhmiú.  Teastaíonn breis díoltóirí.  Ba mhór an chuideachta dá bhféadfaí roinnt díoltóirí breise theacht ar bord.  Téigh i dteagmháil le Seán Barra ag 0879050345 má tá tú in ann cabhrú.

Imeachtaí

Beidh roinnt imeachtaí ar siúl i rith na bliana chun roinnt airgid a bhailiú agus chun baill an chumainn a thabhairt le chéile ag roinnt imeachtaí soisialta. Teastaíonn tacaíocht ar aon bhealach is féidir.