News

Ócáid Bhreá Peile ag Páirc an Athar MhicSuibhne

November 8, 2018

Is é an Athair Sweeney a bheadh bródúil agus é ag breathnú anuas ar fhód glas ‘an lawn’ ar an Domhnach seo caite an 20 Eanáir 2008 nuair a fuair peileadóirí sinsir na Gaillimhe an bua ar scoláirí GMIT i gcluiche sraithe FBD. Ciallaíonn an toradh seo go dtabharfaidh Gaillimh aghaidh ar scoláirí OÉ Gaillimh(NUIG) sa gcluiche ceannais. Taobh amuigh do fhoirne An Spidéil agus foirne eile Ghaeltacht Chonamara ba iad foirne na Gaillimhe ab ansa leis an Athair ‘Sweeney’ agus ba é seo an chéad uair gur imir peileadóirí Sinsir na Gaillimhe cluiche ar Pháirc An Spidéil. D’imir Iománaithe na Gaillimhe cluiche in aghaidh Chorcaigh ag deireadh na hOchtóidí.  Ba mhór an slua a tháinig ó chian is ó chóngar le breathnú ar a gcuid laochra ag lascadh an mháilín gaoith –  Declan Meehan, Joe Bergin, Cormac Bane, Michael Meehan, Nicky Joyce agus ar ndóigh Pádraig Joyce gur dóigh go gcuimhneoidh fear Chill Fhir Iarrainn ar a chuairt chuig Baile an Droichid go ceann míosa ar aon chuma. Bhí aird náisiúnta tarraingthe ar CLG An Spidéal ar an Domhnach le tuairiscí breátha ar na páipéir ar fad agus moladh dáréir faighte ag an gCumann as ucht an eagrú a déanadh ar imeachtaí an Domhnach. Tá mór bhuíochas ag dul do Thadhg Ó Conghaile a chomhordaí na himeachtaí ar fad, do John Mac, Tony Daly agus lucht na Scéime Fás a chuir caoi ar an bPáirc agus na seomraí feistis, do Mhaidhc Pheaid Ó Cualáin, Cóilín Ó Domhnaill, Gerry Ó Mainnín agus Gearóid Ó Conghaile as ucht a gcabhair, do Phatsy Ó Conghaile agus Coiste na nÓg a d’eagraigh Siopa agus sólaistí don slua agus do na maoir ar fad a bhí i láthair. Is cinnte gur lá stairiúil agus bródúil a bhí ann don Chumann an deá obair atá déanta acu a léiriú do chách.