News

Oíche bhreá ceiliúrtha ag Social 2009

November 8, 2018

Bhí oíche bhreá comóradh agus ceiliúradh ag Dinnéar Bhliantúil CLG An Spidéal in Óstán na Páirce ar an Aoine seo caite. D’fhreastal os cionn 200 duine ar an ócáid idir bainisteoirí foirne, imreoirí, lucht tacaíochta agus an gnáth phobal. Ghlac an Cumann mór bhuíochas le oibrithe an chumainn ar fad agus le lucht tacaíochta agus urraithe an chumainn chomh maith. Tugadh suntas áirithe don dream a bhí ag plé le Lotto agus 50/50 chomh maith le Coiste na nÓg.  Bronnadh os cionn 100 bonn ar an oíche chomh maith ar fhoirne buacach na mban agus na bhfear. Bhí foireann na mban tar éis sraith & craobh idirmheánach an Iarthair a thabhairt leo agus bhí foireann sóisear a na bhfear tar éis craobh sóisear a an Iarthair a thabhairt leo chomh maith. Is é Uachtarán an Chumainn Seán Mac an tSaoir a bhronn na boinn ar an dá fhoireann ag tosú leis na captaein ar ndóigh Aisling ‘Sarah’ NicFhlannchadha dona mná agus Aodán Breathnach do na fir. Bhí sé ina oíche go maidin deirtear le ceol, ceiliúradh agus craic ina dhiaidh sin.