News

Peil agus Iománaíocht faoi dhíon ag dul ó neart go neart

November 8, 2018

Tá freastal iontach agus fíor shásamh dhá bhaint ag gasúir an cheantair as na seisiúin peile agus iománaíochta faoi dhíon atá dhá n-eagrú ag Coiste na nÓg do CLG An Spidéal. Is mór an méid seisiúin atá ar fáil i bpeil agus in iománaíocht do bhuachaillí agus do chailíní d’aoiseanna éagsúla. Tá obair iontach dhá dhéanamh ag na traenálaithe peile agus iománaíochta atá i mbun na seisiúin agus scileanna dhá múineadh do na gasúir acu.

 

 

Más mian leat do ghasúr a bheith páirteach sna seisiúin seo faoi dhíon cuir glaoch ar Pheaitsí Ó Conghaile ag 087 2843417