News

Peil Idirmheánach, Craobh an Chondae. An chéad bhabhta. Carna Caiseal 3-9; Uachtar Árd 1-8

November 8, 2018

Carna Caiseal. Chun tosaigh ó chlé; Micheál Ó Cathasaigh, Val Ó Féinidh(Capt.), Colmán Ó Maoilchiaráin, Seán Ó Cathasaigh, Micheál Ó Coirbín, Marc Mac Fhlannacha, Caoimhín Ó Fatharta, Micheál Ó Clochartaigh agus Colm Ó Luideáin.
Ar chúl ó chlé; Seosamh Ó Cathasaigh, Beartla Ó Cathasaigh, Micheál Ó Clochartaigh, Seán Ó Cillín, Séamus Ó Méalóid, Dónal Ó Suilleabháin, Niall Ó Cadhain, Micheál Ó Caonaigh, Eamonn Ó Cuinneáin, Séamus Ó Clochartaigh agus Seán Breathnach.

Tuairisc: Séamus Ó Coileáin

D’eirigh le peileadóirí idirmheánach Charna Chaisil an ceann b’fhearr a fháil ar Uachtar Ard sa chéad bhabhta de Chraobh an Chondae ar an Domhnach an 4ú Meitheamh i bPairc na bFhairche. Bhí an cluiche buachta ag Carna Caiseal leath bealach tríd an dara leath nuair a d’aimsigh siad dhá chúl i dhá nóiméad ag cuir 0-12 eatorrtha agus cé gur tháinig Uachtar Ard ar ais go láidir i ndiaidh sin ag aimsiú 1-3 bhí sé fágtha ró dheireannach acu.

Ba é seo an chéad bua craoibhe do Charna Chaiseal ó bhí an bua stairiúil sin acu i Meán Fomhar na bliana seo caite in aghaidh Ghleann a’ Mhadadh i gcluiche leath-cheannais an Chondae i bpeil shinsir, bua a chinntigh a n’áit i gcluiche cheannais Chraobh an Chondae i Staid an Phiarsaigh i mí Dheire Fomhair. Ach, faraor, ní amhain gur chaill siad in aghaidh Bothar na Trá Cnoch na Cathrach sa chluiche sin ach díchailliodh iad cúpla seachtain ina dhiaidh sin nuair a cháill siad cluiche sraithe fíor thabhachtach in aghaidh Micheál Breathnach. Ba titim mór ag gcúl é sin don chumann agus nuair a chaill siad an chéad dá cluiche sraithe i bpeil idirmheánach san Earrach, cluiche in aghaidh Leitir Móir i bPáirc an Mháimín agus ceann eile in aghaidh Naomh Micheál i gCarna, ní raibh na comharthaí go maith. Ach ag deireadh Bealtaine bhí bua maith acu in aghaidh fhoireann na cathrach Naomh Séamus i Muirebheach leis an scór 0-15 in aghaidh 2-6 agus de réir chuile thuairisc d’imir fir Charna Chaisil an-pheil sa chluiche sin. Bhí dóchas ann anois go raibh an coirneál casta ag an bhfoireann agus tabharfadh an cluiche seo in aghaidh Uachtar Ard fiannaise breise go raibh an próiséas slánaithe ag déanamh dul chun chinn.

Ach ní raibh na comharthaí íontach sa chéad cheathrú mar bhí thart ar ceithre nóiméad déag caite ar an gclog nuair a d’aimsigh Micheál Ó Clochartaigh, captaen na bliana seo caite, an chéad scór dóibh. Idir an dá linn, chuir an líne lán tosaigh ceithre sheans inaimsithe ar fó-riail. Ach shochraigh cúilín an Chlochartach síos iad agus idir é sin agus leath-ama chuir Carna Caiseal 1-6 ar chlár na scór, na scóranna breise ag teacht ó Micheál Ó Cathasaigh(1-2 ón imirt), Colmán Ó Maoilchiaráin(0-2 ón imirt) agus Seán Ó Cathasaigh(0-1 ó shaor-chic). Do Uachtar Ard, d’aimsigh an lán tosaidh Fergus Mac Giolla Easpaig 0-2 ó shaor chiceanna, Ruaidhrí Mac Gauley 0-1 ón imirt tar éis comhimirt an mhaith agus cé gur oscail Maitías Mac Fhlannacha, an leath thosaigh lár, an scóráil dóibh tar éis seacht nóimead ní bhfuair sé aon scór eile ón imirt ina dhiaidh sin. Tháinig an scór ba tabhachtaí den chéad leath san 22ú nóiméad nuair a fuair Colmán Ó Maoilchiaráin liathróid scaoilte ó chic-amach lag, phasáil sé seo go Micheál Ó Cathasaigh í agus, mar is iondúil dó, rinne fear Mhása an obair críochnaithe. An scór ag leath-ama; Carna Caiseal 1-6; Uachtar Ard 0-4.

Chuir tosaithe Charna Caisil tuilleadh seansanna ar scóranna amú go luath san dara leath ach san deichiú nóiméad d’aimsigh Micheál Ó Cathasaigh cúilín breá ón imirt tar éis comhimirt mhaith idir Marc Mac Fhlannacha agus Micheál Ó Clochartaigh. Níos luath san leath d’aimsigh Fergus Mac Giolla Easpaig  0-1 do Uachtar Ard ó shaor-chic agus chríochnaigh Seán Ó Cathasaigh gluaiseacht a thosaigh Niall Ó Cadhain le poinnte eile do Charna Chaiseal. Bhí an bearna oscailte anois go 0-6 agus ceithre nóiméad déag ar an gclog nuair a d’aimsigh Carna Caiseal an dá scór a shochraigh an cluiche. D’aimsigh Seán Ó Cathasaigh an chéad cúl tar éis píosa ardimeartha ó imreoir na Gaillimhe, Niall Ó Cadhain, le cúnamh ón bhfear lár-páirce Marc Mac Fhlannacha. Beagnach ón chic-amach thosaigh Beartla Ó Cathasaigh, a thainig isteach mar fhear ionad, an gluaiseacht imeartha b’fhearr san chluiche. Chuir sé an liathróid do Mhicheál Ó Clochartaigh a scaoil Seán Ó Cillín le pas láimhe. Thug sé seo an liathróid leis ar ruathar aonair ós cionn dhá scór méadar sula scaoil sé an liathróid do Mhicheál Ó Cathasaigh agus chraith sé seo an eangach don dara uair san chluiche. Anois bhí Carna Caiseal chun tosaigh leis an scór 3-8 in aghaidh 0-5 agus ceapfadh duine ar bith ar a chiall go dtitfeadh Uachtar Ard óna chéile ach a mhalairt a tharla; Uachtar Ard ar an ionsaí le go leor seilbhe agus Carna Caiseal ar an gcos deiridh go dtí an fheadóg dheireannach. D’aimsigh Uachtar Ard 0-3 ó shaor-chiceanna, péire uaidh Fergus Mac Giolla Easpaig agus ceann ó Maitias Mac Fhlannacha. Bhí an-seans ag Uachtar Ard ar chúl san 19ú nóiméad nuair a d’éalaigh Mac Fhlannacha ó na cosantóirí ach rinne cúlbáire Charna Chaisil, Séamus Ó Méalóid, an-sábháil. Rinne sé an éacht céanna arís san 24ú nóiméad nuair a shábháil sé urchair uaidh Fergus Mac Giolla Easpaig. Ach ní raibh sé in ann tada a dhéanamh cúpla nóiméad ina dhiaidh sin nuair a d’aimsigh Daniel Tuch cúl ó chic éirice tar éis do chosantóir Charna Chaisil blocadh-choise a dhéanamh ar dhuine de na tosaithe. Bhí an focal scoir maidir le scóráil de ag fear óg an chondae, Colmán Ó Maoilchiaráin, do Charna Caiseal agus an t-am beagnach caite nuair a d’aimsigh sé cúilín ón imirt-scór a chuir Carna Caiseal 3-9 in aghaidh 1-8 chun tosaigh. Ach bhí tuilleadh dráma fós ann nuair a bhronn an réiteoir an dara chic éirice ar Uachtar Ard in am breise ach an uair seo bhí cúl báire Charna Chaisil ábalta dó ag sábháil ag bun an phosta. Agus b’sin sin.

Cé go raibh brú orthu ag an deireadh, bhí cosantóirí Charna Chaisil i gceannas ar feadh an cuid ba mhó den chluiche agus b’iad Séamus Ó Méalóid idir na postaí, Val Ó Féinidh, Éamonn Ó Cuinneáin agus go h-áirithe Niall Ó Cadhain ba mhó a sheas amach. Bhí ard chluiche ag Ó Cadhain; ní amháin gur eirigh leis a chuid dualgais cosanta a chomhlíonadh ach, freisin, chuir sé tús le go leor gluaiseachtaí imeartha a chríochnaigh le scóranna ar an gceann eile agus de bharr a chuid imeartha ni raibh mórán tionchair ag imreoir na Gaillimhe, Maitias Mac Fhlannacha, ar an gcluiche. Nuair a d’athraigh Mac Fhlannacha isteach mar lán tosaigh san dara leath ní bhfuair sé mórán sóinseála uaidh imreoir eile na Gaillimhe, Val Ó Féinidh, istigh ansin ach an oiread. De na tosaithe, b’iad Marc Mac Fhlannacha, Seán Ó Cillín agus Micheál Ó Clochartaigh b’fhearr a d’imir agus b’iad na lán tosaithe, Micheál agus Seán Ó Cathasaigh in éineacht le Colmán Ó Maoilchiaráin a rinne an cuid ba mhó den scóráil. Bhí tionchar mór ag iar-pheileadóir na Gaillimhe, Micheál Ó Clochartaigh ar an gcluiche; bhuach sé go leor seilbhe timpeall lár páirce agus ar éigin a chuir sé cos amú mar a bheifeá ag súil ó fhear le bonn Uile Eireann ina phoca thiar aige!

Do Uachtar Ard b’iad Niall Ó Tighearnaigh, Seán Ó Ceannabháin, Ryan Dixon agus Marc Mac Gauley na cúlaithe b’fhearr a d’imir.  Bhuach na himreoirí lár páirce, Liam Ó Tighearnaigh agus Paraic Seosamh Mac Gauley go leor seilbhe go háirithe san dara leath agus de na tosaithe b’iad Ruaidhri Mac Gauley, Daniel Tuck agus Fergus Mac Giolla Easpaig ba mhó a sheas amach.  Beidh seans amháin eile anois ag Uachtar Ard i mbabhta na gcaillteoirí agus tá roinnt oibre le déanamh acu roimh an gcluiche sin.  Maidir le Carna Caiseal tá dhá sheans anois acu sa chroabh-an chéad seans i mbabhta na mbuaiteoirí agus cé gur imir siad sách maith ar feadh tréimhsí sa chluiche is léir go bhfuil roinnt oibre le déanamh acusan freisin má tá siad ag iarraidh ‘bheith thart san fhómhar.