News

Peil Idirmheánach; Craobh an Chondae-babhta na mbuaiteoirí: Carna Caiseal 3-5; Dún Mór Mhic Éil 0-6

November 8, 2018

Peil Idirmheánach; Craobh an Chondae-babhta na mbuaiteoirí

Carna Caiseal 3-5; Dún Mór Mhic Éil 0-6

Séamus Ó Coileáin san Fhairche

Tá Carna Caiseal tríd go dtí an cluiche cheathrú-cheannais tar éis a mbua in aghaidh fhoireann na Gaillimhe thoir thuaidh Dún Mór Mhic Éil san Fhairche trathnóna Dé Sathairn seo caite.

Ba é seo ceann de na cluichí ba tarraingteach a tháinig as an hata i mbabhta na mbuaiteoirí mar gur díchaillíodh an dá fhoireann seo ó pheil shinsir i 2005. Nuair a chas siad ar a chéile anuraigh thíos i bPáirc Mhic Éil, Dún Mór i gcluiche bhun an tábla sa sraith bhí Carna Caiseal chun tosaigh ar a gcompóirt le trí chúilín ag leath ama ach go luath san dara leath thosaigh cosaint Charna Chaisil ag ligean isteach agus d’aimsigh Dún Mór dhá chúl an bhog agus bhí trí chúilín agus na poinntí sraithe acu ag deireadh na himeartha. Mar sin, ba deis íontach an cluiche seo d’fhir Iorrais Aithnigh na hannála a chur i gceart. Ar ndóigh bhí smaointé difriúla ag muintir an Dúin Móir.

Bhí na foirne ceapaithe dul chun páirce ag 7.30 ach de bharr am breise sa chéad chluiche ar an gclár níor thosaigh an cluiche seo go dtí ceathrú tar éis a hocht. B’féidir mar gheall ar an am nó an moill fhada nó imeachtaí thall sa nGearmáin ach ní raibh an cosúlacht ann go raibh mórán suime ag formhór na nimreoirí i bpeil san chéad leath; bhí an caighdeán peile an dona giobach le go leor botúin gan mórán leanúnachais agus cé gur oscail Carna Caiseal an scóráil san chéad nóiméad le poinnte ón imirt ó Sheán Ó Cathasaigh ní bhfuair siad ach poinnte amháin eile san chéad leath, Colm Ó Luideáin an aimsitheoir san 21ú nóiméad. Idir an da linn bhí Dún Mór níos beoga agus níos cruthaitheach ina gcuid imeartha.  Bhí ceannas iomlán ag cúlaithe an Dúin Móir ar thosaithe Charna Chaisil agus cé go raibh go leor den imirt acu, de bharr go leor sheansanna curtha amú, níor aimsigh siad ach ceithre chúilín san chéad leath-poinnte ó Dháithí Mac Gloinn san 5ú nóiméad nuair a d’éalaigh sé óna mharcáilí agus poinnte eile ó Thomás Mac Giolla Mhuire san 8ú móiméad tar éis dó pas a thógáil ó Mháirtín Ó Cléirigh. San 15ú nóiméad d’aimsigh an leath chúlaigh ar dheis Donnacha Ó Fallúin poinnte eile tar éis tréimhse bhrú agus san 29ú nóiméad d’aimsigh Breandán Ó Cnáimhín poinnte álainn tar éis chomhimeartha ina raibh Brian Ó Coileáin, Daithí Ó Cróinín agus Tomás Mac Giolla Mhuire páirteach ann. Do Charna Chaiseal san chéad leath d’imir formhór na n-imreoirí faoí bhun an chaighdeán ach b’fhéidir triúr nó ceathrar acu; b’iad sin Val Ó Féinidh, Niall Ó Cadhain, Micheál Ó Coirbín agus Seosamh Ó Cathasaigh. Ní raibh lár páirce Charna Chaisil ag feidhmiú mar ba cheart agus bhí na tosaithe as an gcluiche ar fad. De bharr ghortaithe ní raibh Micheál Ó Clochartaigh in ann dul chun páirce agus ba cailliuint mór é seo do Charna Chaiseal mar bhuach sé go leor liathróide timpeall lár páirce in aghaidh Uachtar Ard sa chéad bhabhta.

Rinne bainistíocht Charna Chaisil athrú tabhachtach amháin ag leath ama; chuireadh isteach Séamus Ó Clochartaigh i lár páirce, d’aistriodh Seán Ó Cillín  go dtí na leath thosaithe agus tháinig Micheál Ó Clochartaigh amach. D’fhulaing Séamus Ó Clochartaigh droch ghortú i mBealtaine na bliana seo caite i gcluiche dhúshláine agus níor ghlac sé páirt ar bith i ngaisce agus in anró na bliana sin! Ach nach íontach an difriocht atá imreoir amháin in ann a dhéanamh? Thóg sé an chéad cúpla chic-amach a tháinig a bhealach agus i gceann tamaill bhig bhí ha himreoirí uilig timpeall air ag imirt go maith. Cé go bhfuair peileadóirí Mhic Éil an chéad scór san dara leath le poinnte ó shaor-chic uaidh Dháithí Mac Gloinn d’fhreagair Carna Caiseal an scór sin le cúl den scoth ón lán tosaigh ar chlé agus imreoir óg na Gaillimhe Colmán Ó Maoilchiaráin tar éis phíosa imeartha a thosaigh Niall Ó Cadhain le cúnamh ó Sheosamh Ó Cathasaigh agus Marc Mac Fhlannacha. Bhí na foirne anois ar chomh scór 1-2 in aghaidh 0-5 agus ní raibh an lucht leanúna ach díreach ina suí nuair a bhí siad ar a gcosa arís mar gur aimsigh an fear lár páirce Marc Mac Fhlannacha cúl eile do Charna Chaiseal tar éis pas a thógáil uaidh Seán Ó Cathasaigh agus díreach ina dhiaidh sin tháinig Dún Mór iad féin ar ais le cúilín eile ó shaor-chic tógtha ag Breandán Ó Cnáimhín agus b’sin an scór deireannach dóibh. Ní raibh ach ceithre nóiméad imithe san dara leath ach bhí athrú mór ar chlár na scór; Carna Caiseal 2-2; Dún Mór 0-6 agus bhí níos mó aicseain sna nóiméid sin ná mar a bhí san chéad leath ar fad! Uaidh sin go dtí an 20ú nóiméad bhí an imirt uilig ag Carna Caiseal agus imreoirí na Gaillimhe thoir thuaidh ar an gcos deirigh. I rith an tréimhse sin fuair Carna Caiseal trí chúilín eile ón imirt-ceann an duine ó Mhicheál Ó Cathasaigh agus a dheartháir Seán agus ceann álainn ó Cholmán Ó Maoilchiaráin tar éis gluaiseacht imeartha a thosaigh Val Ó Féinidh. Ach d’féadfadh scór i bhfad níos mó a bheith aimsithe ag tosaithe Charna Chaisil i rith an tréimhse cheannasach sin mar chuir siad amú ar fó-riail naoí gcinn de sheansanna ón imirt agus ó shaor-chiceanna agus b’iad an líne lán tosaigh ba mhó a bhí ciontaí. Tháinig Dún Mór ar ais ins na nóiméid deireannacha ach sheas cosantóirí Charna Chaisil an fód agus san 27ú nóiméad tar éis chomhimeartha idir Micheál Ó Cathasaigh agus Seán Ó Cillín chuir Micheál Ó Coirbín an liathróid san eangach chun deireadh a chur leis an scóráil. Tá seans amháin fágtha anois ag Dún Mór Mhic Éil í mbabhta na gcaillteoirí agus tá an bealach spéiriúil seachanta ag peileadóirí Iorrais Aithnigh.  An scór ag lán ama; Carna Caiseal 3-5, Dún Mór Mhic Éil 0-6.

Carna Caiseal; Séamus Ó Méalóid, Caoimhín Ó Fatharta, Val Ó Féinidh(Captaen), Éamonn Ó Cuinneáin, Beartla Ó Cathasaigh, Niall Ó Cadhain, Micheál Ó Coirbín(1-0), Seán Ó Cillín, Marc Mac Fhlannacha(1-0), Seosamh Ó Cathasaigh, Colm Ó Luideáin(0-1), Micheál Ó Clochartaigh, Micheál Ó Cathasaigh(0-1), Seán Ó Cathasaigh(0-2), Colmán Ó Maoilchiaráin(1-1). Fear ionad, Séamus Ó Clochartaigh in áit Micheál Ó Clochartaigh.

Dún Mór Mhic Éil; Nioclás Breathnach, Séamus Mac Anraí, Pól Ó Gliosáin, Riocárd Ó Dalaigh, Donnacha Ó Fallúin, Gearóid Ó Ceallaigh, Seán Ó Slataire, Daithí Ó Cróinín, Gearóid Ó Broin, Brian Ó Coileáin, Breandán Ó Cnáimhín, Máirtín Ó Cléirigh, Daithí Mac Gloinn, Pól Ó Mhaolonaigh, Tomás Mac Giolla Mhuire.